Header
HomeMeet The Walking GuidesWalks in the West of IrelandWalking Tours in the West of IrelandPhoto Gallery from the West of IrelandContact Walking West

Emer Ní Chualáin


  English version of this page

Céad míle fáilte! Is iontach an pléisiúr dhomsa tírdhreach álainn éagsúil Chonamara a roinnt leat – seanachas na háite, tránna álainn gainmheach, nach bhfuil fhios ag mórán go bhfuil siad ann, na cuanta gorma, flóra agus fána ó phortaigh srathach go barr sléibhe; le léargas a thabhairt dhuit ar chultúr agus ar oidhreacht ársa na ndaoine agus an tírdhreach.

Is i mbaile beag Charna, i gceart lár na Gaeltachta a rugadh mise agus a d’fhás mé suas.  Baile beag é ach bhí go leor tionchar aige ar chultúr agus ar oidhreacht na tíre. Is é áit dhúchais go leor amhránaí sean-nóis, damhsóirí agus ceoltóirí é. 

Tháinig go leor tógálaí bád agus déantóirí seoil as an gceantar. Bhí mise fite fúite sna traidisiúin agus 
   
  nósanna seo agus mé ag fás suas i  gCarna agus thug sé inspioráid dhom an cleachtas saoil áirid seo a roinnt le nár gcuairteoirí. Tá rud do chuile   dhuine, sean agus óg i gConamara; ón aoibhneas a  bheith  ag seoladh ar húicéir na Gaillimhe, ag marcaíocht capall ar thránna  fada folamh, ag   piocadh faochan nó sméara dubha. Tar agus feic Conamara liom agus muid ag siúl ar Oileán tréigthe Fhínse, ag tóraíochta faochan ar    thaoille íseal ar chladaigh Mhuighinse nó ag ól pionta  ar do sháimhín só i measc mhuintir na háite. Seo libh siúl siar go Conamara!  
 
The content of this website and information, advice given, unless otherwise credited, are the property of "Walking West Siúil Siar". Any queries to info@WalkingWest.ie | Terms and Conditions   "Walking West Siúil Siar" - Phone +353(0)86 0806684, Unit 1, Spiddal Craft Village, Spiddal, Co Galway   Website Design: Táin Bó Media Teo. Contact: mannions@mac.com   Photography unless where stated: Connemara Light. Contact: info@ConnemaraLight.com